ENVIORNMENT
Úráiniam
ídithe/ Depleted Uranium
Le mí nó dhó anuas, tá conspóid
ag dul ar aghaidh fá úsáid úráiniam
ídithe i lón cogaidh. Tá daoine agus rialtais ann
a deir go ndéarnadh damáiste do shláinte shaighdiúrí
agus thuataí trína úsáid i gcogadh na Murascaille
agus sa chogadh Bhalcánach. Ach séanann cuid eile de na
rialtais gur tharla damáiste ar bith.
Ach cad é go díreach é úráiniam
ídithe? Faightear úráiniam go nádúrtha
faoin talamh mar mhianach. Bíonn dhá chinéal úráiniam
le chéile sa mhianach seo go príomha. Is iad seo úráiniam-235
agus úráiniam-238. Ach bíonn an úráiniam-235
tearc; ní bhíonn ann de gnáth ach 0.7 % den iomlán.
Le breosla a dhéanamh ar féidir a úsáid in
imoibreoirí núicléacha nó ar féidir
a úsáid i mbuamaí núicléacha, caithfear
cuir le codán an úráiniam 235; caithfear an t-úráiniam
a shaibhriú le go mbeidh idir 2% agus 3% den úráiniam-235
ann.
Cé go bhfuil an próiséas
seo casta, is féidir smaoineamh air mar phróiséas
ina mbaintear úráiniam-238 amach as an mhianach. Agus
sin an fhadhb; cad é is féidir a dhéanamh leis
an úráiniam ídithe seo? Tá na mílte
tonna do ina luí thart i dtaisce ag náisiúin
mar Mheiriceá agus An Bhreatain.
Tá buntáiste mór amháin ag
an úráiniam ídithe; tá sé iontach dlúth.
Tá dlús níos mó ná luaidhe aige agus
tá sé an-chrua agus an-láidir. Is féidir,
mar sin, é a úsáid i sliogáin phléascacha
agus cuireann sé go mór le fuinneamh cinéiteach an
sliogáin agus mar sin le héifeacht an sliogáin.
Bíonn an t-úráiniam ídithe
seo radaighníomhach ach is beag uilig an chontúirt uaidh
agus é mar chuid de mhiotal an sliogáin. Ach nuair a chaitear
an sliogán agus nuair a phléascann sé, cruthaítear
deannach. Agus má shlogtar nó má ionanáltar
an deannach seo, astaíonn sé na gathanna radaighníomhacha
taobh istigh den chorp agus déantar damáiste do chealla
an choirp.
Úsáideadh an oiread
sin úráiniam ídithe sa Mhurascail (300 tonna,
meastar) gur beag seans nach raibh tionchar éigin aige ar
na saighdiúrí agus ar na tuataí. Measann Cumann
Iar-shaighdiúrí Mheiriceánacha na Murascaille
go bhfuil 300,000 as an 700,000 a bhí sa Mhurascaill tinn
dá dheasca. Agus deirtear go bhfuil rátaí ailse
imithe go mór i méid i measc thuataí na hIaráice.
Níl figiúrí cruinne ar fáil go fóill
fán mhéid uranium ídithe a húsáideadh
sna tíortha Balcánacha.
Níl cruthú cinnte go fóill go bhfuil
ceangal ann idir na rátaí tinnis seo agus úsáid
an úráiniam ídithe. Ach tá taighde ag dul
ar aghaidh i láthair na huaire agus ba cheart go mbeadh an freagra
againn roimh i bhfad.
Sanas/Vocabulary:
Úráiniam ídithe depleted uranium Balcánach Balkan Breosla fuel Codán fraction Dlús density Fuinneamh cinéiteach kinetic energy Imoibritheoirí núicléacha
nuclear reactors Lón cogaidh munitions Mianach ore An Mhurascaill the Gulf
Tuilleadh eolais / Extra
information: American
Gulf War Veterans Association Antenna
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|