ENVIORNMENT
Baol
i mbrait urláir / Danger in carpets
De réir a chéile, táimid ag éirí
níos tógtha fá thruailliú na timpeallachta
agus an méid ceimiceán atá á gcur san aer
agus san ithir. Is ceart, ar ndóigh go mbeadh imní orainn
nó is cinnte nach lenár leas iad na ceimiceáin seo.

Ach tá taighde i ndiaidh
taispeáint go mbíonn tiúchán i bhfad
níos mó de na ceimiceáin dochracha seo taobh
istigh de thithe s’againn féin ná mar atá
amuigh. Agus i dteach ar bith is sna brait urláir a luíonn
an chainníocht is mó dóibh.
Bíonn sinne sna hoileáin seo tugtha go
mór do bhrait urláir. Bíonn siad ag beagnach gach
teach; ní bhíonn siad ach ag 16% sa Fhrainc agus 2% san
Iodáil. Bíonn níos mó plúchta agus
ailléirgí anseo ná áit ar bith ar fud an domhain
agus síleann eolaithe go bhfuil ceangail idir na fíricí
sin. Buaileann plúchadh páiste amháin i ngach cúigear
sna laethanta seo. Is cosúil go bhfuil na galair seo ceangailte
le fíneoga deannaigh agus lena n-eisfhearthaí ach go háirithe.
Is féidir le suas le céad míle fíneog deannaigh
a bheith beo i ngach méadar cearnach de bhrat urláir.
Le taobh sin bíonn tiúchán ard de
cheimiceáin dochracha mar mhiotail troma, lotnaidicídí
agus dé-feanóil polaclóirínithe (PCB) le fáil
sna brait urláir. Tagann siad ó thoit tobac, ó mhúch
cócaireachta agus ó lotnaidicídí a úsáidtear
sa teach agus sa gháirdín. Iompraímid isteach iad
ar ár gcuid bróg agus inár n-éadaí.
De thairbhe nach mbíonn na truailleáin seo amuigh faoin
aer agus nach mbíonn fearthainn agus solas gréine ag titim
orthu agus á ndianscaoileadh, maireann siad ar feadh na mblianta.
Tá leigheas ar an scéal; tóg amach
na brait urláir agus déan gnaithe le mata anseo is ansiúd.
Tá fianaise ann nach mbíonn i dteach gan bhrat ach an deichiú
cuid de na truailleáin sin. Murar féidir sin a dhéanamh,
ní mór dúinn an folúsghlantóir a úsáid
go minic. Ba cheart gléas chomh cumhachtach agus is féidir
a úsáid agus gach brat a ghlanadh cúig uair is fiche
gach seachtain. I ndiaidh roinnt seachtainí den dian-ghlanadh seo,
is féidir gearradh anuas agus gan níos mó ná
deich nglanadh sa tseachtain a thabhairt do gach brat urláir sa
teach. Ba cheart mata láidir domhan a fhágáil ag
an doras agus déanamh cinnte go nglanann gach duine a gcuid bróg
agus iad ag teacht isteach. B’fhearrde arís na bróga
a bhaint agus á bhfágáil taobh amuigh.
Is ábhar trioblóide
iad na réamh-airí seo agus is beag duine a dhéanann
iad, ach nuair a smaoineann tú go mb’fhéidir
go bhfuil do shláinte agus sláinte do theaghlaigh
ag brath orthu, b’fhéidir gur fiú an iarracht
a dhéanamh.
Sanas: Ailléirgí allergies Cainníocht quantity Dianscaoileadh decompose Eisfhearthaí excretions Fíneoga deannaigh dust
mites Lotnaidicídí pesticides Múch fumes Plúchadh asthma Réamh-airí precautions Tiúchán concentration Truailleáin pollutant
Tuilleadh eolais
/ Extra information: New
Scientist
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|