Athrach
aeráide BBC 1 Márta 2006
Tá an domhan s’againne ag éirí níos
teo; tá lear mór fianaise ann go bhfuil seo fíor
agus níl eolaí ar bith ann a d’fhéadfadh a
bhréagnú. Táimid measartha cinnte cad chuige a bhfuil
seo ag tarlú. Tugtar an iarmhairt cheaptha teasa air agus is iad
gáis san aer mar dhé-ocsaíd charbóin agus
meatán is cúis léi. Mar a thuigfeá ón
teideal, tagann gathanna infridhearga isteach chugainn ón ghrian
ach cuireann na gáis seo bac ar chuid den teas éalú.
Meastar go bhfuil dromchla an domhain thart fá thríocha
céim Celsius níos teo ná mar a bheadh gan an iarmhairt
seo.

Thuigfeá ón mhéid thuas, dá gcuirfimis le
líon na ngás seo san aer, go gcuirfeadh sin leis an iarmhairt
agus go dtiocfadh méadú ar theocht an domhain. Sin an gnáth-thuiscint
ag beagnach gach eolaí ach níl an ceangal idir méadú
teochta agus líon na ngás iomlán fuascailte. Tugann
sin go leor éiginnteachta le gur féidir le mionlach eolaithe
agus polaiteoirí áirithe argóint a dhéanamh
go bhfuil sé ró-luath gníomhú in éadan
na hiarmharta seo.
Tá sé tábhachtach mar sin go gcinnteoimis an ceangal
sa dóigh is go dtig linn cur ina luí ar gach duine, idir
eolaithe, pholaiteoirí agus thuataí, go gcaithfimid uilig
íobairtí a dhéanamh gan mhoill le maolú a
dhéanamh ar an mhéadú teochta. Munar féidir
sin a dhéanamh, beidh athruithe móra san aeráid amach
anseo. Tiocfaidh méadú ar líon agus ar chumhacht
tuilte, triomaigh, tonnta teasa agus hairicíní. Beidh athruithe
ar tháirgí talmhaíochta agus oll-imirce de thairbhe
agus tarlóidh díobhadh ainmhithe. Agus tiocfaidh an fharraige
i dtír ar chóstaí ar fud an domhain agus go háirithe
sna cathracha móra atá suite ar na cóstaí
sin.
Tá práinn, mar sin, le cur lenár dtuiscint ar an
aeráid ach sin an áit a bhfuil an deacracht. Tá aimsir
agus aeráid ag brath ar chuid mhór fachtóirí
mar an teas ar fud an domhain, na cisil san atmaisféar, na gáis
san aer agus cuid mhór eile. Tá dlite eolaíochta
ann leis na fachtóirí a cheangal le chéile ach an
t-aon dóigh amháin atá againn le fáil amach
an dtuigimid an aeráid mar is ceart ná samhlacha a chruthú,
na dlite eolaíochta seo a úsáid leo agus comparáid
a dhéanamh idir torthaí na samhlacha sin agus an aeráid
san fhichiú aois. Má thiocfaimid ar shamhail a thairngríonn
go hiomlán aeráid na haoise sin, beidh a fhios againn go
bhfuil tuiscint iomlán againn ar an aeráid agus beimid i
ndán an tsamhail sin a úsáid go muiníneach
le hamharc chun tosaigh le fáil amach cad é mar a bheidh
an aeráid sa todhchaí. Seo obair atá chomh casta
sin go nglacfadh sé ríomhaire ollmhór agus ollchumhachtach
lena dhéanamh. Níl a leithéid ar fáil ach
tá scéim ag an BBC agus ollscoil Oxford ceann a chur le
céile . Sin an áit a bhfuil do chuidiú de dhíth.
Má tá tú sásta do ríomhaire baile
a cheangal leo, beidh siad ábalta mogalra mór a chruthú.
Nuair nach mbeidh tú ag obair ar do ríomhaire, beidh siad
ábalta cumhacht an ghléis a chur chun oibre. Ach ní
dhéanfaidh sé difir ar bith duit nó beidh tús
áite i gcónaí agat ar do ríomhaire féin.
Tá siad ag súil go gclárófar níos mó
ná deich míle ríomhaire leo. Má chuidíonn
tú leo, beidh tú rannpháirteach i dturgnamh an-tábhachtach
i saol an domhain.
Is féidir na bogearraí cuí agus tuilleadh eolais
a aimsiú ar shuíomh an BBC (féach thíos)
Sanas:
Aeráid climate
Bogearraí software
Cisil layers
Díobhadh extinction
Fachtóirí factors
Gathanna infridhearga infra-red rays
Hairicíní hurricanes
Iarmhairt cheaptha teasa greenhouse effect
Meatán methane
Mogalra network
Rannpháirteach participating
Samhail/samhlacha model(s)
Tairngríonn predicts
Triomach/aigh drought(s)
Tuile/tuilte flood(s)
Tuilleadh eolais: BBC
Science Climate Change Wikipedia
- Global Warming
Back
to miscellaneous index
Back
to main science index
|