ENVIORNMENT
An tAntrasc
Is mór an imní atá
ar dhaoine inniu fán antrasc ó tharla sceimhlitheoirí
ag cur spóir antraisc fríd an phost chuig polaiteoirí
agus nuachtóirí i Meiriceá. Mharaigh an feachtas
seo duine amhain go nuige seo agus chothaigh sé eagla agus
scaoll ar fud an domhain.
Ach an bhfuil bunús leis
an scaoll seo? Cad é an rud é an t-antrasc agus cad
é an damáiste gur féidir leis a dhéanamh
orainn?
Is galar é an t-antrasc
a mhaireann in ainmhithe feirme go nádúrtha agus ó
am go chéile trásnaíonn sé chuig oibrithe
feirme agus chuig tréidlianna. Nuair a bhuaileann sé
duine, tá trí chineál ann – antrasc craicinn,
antrasc stéigeach agus antrasc scamhógach

Is é an t-antrasc craicinn
an cineál is coitianta. Tarlaíonn sin nuair a pholltar
an craiceann agus téann an baictéar isteach. Spreagann
seo othras ar an chraiceann agus faigheann thart fá fiche
fán gcéad de dhaoine bás. Ach má thugtar
antaibheathaigh is beag uilig an seans go maraítear an t-othar.
Is contúirtí ar fad
na cineálacha eile antraisc – an t-antrasc stéigeach
agus an t-antrasc scamhógach. Tá siad níos
doilí á dtógáil. Má itear feoil
atá fabhtach, tagann tinneas boilg agus tarlaíonn
an bás go minic ina dhiaidh sin. Ní minic a ionanálaítear
an t-antrasc nó caithfidh na spóir a bheith iontach
beag ar fad le gur féidir iad a ionanálú. Cothaíonn
sé deacrachtaí análaithe agus buaileann an
bás i gcionn lá nó dhó muna bhfuil cóireáil
ar fáil. Tá seans measartha maith ann go gceansaítear
é má thugtar antaibheathaigh go luath – sula
mbíonn comharthaí ar bith ann.
Is baictéir é an
t-antrasc agus tá sé fadmharthanach. Nuair a thagann
cruatan nó easpa bia, déanann sé spóir
de féin. Tá craiceann tiubh ag an spór agus
is féidir leis maireachtáil ar feadh na mblianta gan
cothú ar bith. De ghnáth, bíonn na spóir
seo mór. An rud atá déanta ag na sceimhlitheoirí
atá taobh thiar den bhithionsaigh seo ná gur tháinig
siad ar dhóigh leis na baictéir a thriomú agus
a mheilt le go raibh siad ar mhéid beag go leor le hionanálú
ag daoine.
Is mithid dúinn uilig san
domhan thiar a bheith ar ár n-airdeall fán antrasc
seo. Ach caithfimid a bheith réadúil faoi. Is beag
seans go ndéanfar ionsaí ar bith orainne sa tír
seo. Má dhéantar, tá leigheas ann go cinnte
más antrasc craicinn é agus tá leigheas ann
don dá chineál eile má fhaighimid antaibheathaigh
luath go leor. Cuimhnigh nár mharaigh an t-antrasc ach duine
amháin ó thosaigh an feachtas.
Agus ná déan dearmad
nach bhfuil an t-antrasc tógálach. Ní spréann
sé ó dhuine go duine agus ní astaíonn
duine tinn baictéir. Bímis faichilleach ach bímis
réasúnach.
Sanas:
Antaibheathach antibiotic Antrasc anthrax Astaíonn emit Bithionsaigh bio-attack Fabhtach contaminated Meilt grind Othras ulcer Spór spore Stéigeach intestinal
Tuilleadh eolais: Biological
Warfare Defense Information Sheet
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|