Pobal na Gaeltachta - a scéal agus a
dhán
Is bailiúchán
de scéal agus de stair achan pharóiste Gaeltachta
sa tír á insint ag muintir na nGaeltachtaí
sin atá sa leabhar seo. I measc na ndaoine a scríobh
aistí don leabhar seo ná: Nollaig Ó Gadhra,
Máire Uí Ráinne, Breandán Feiritéar,
Pádraig Ó Fiannachta, Dónall P. Ó Baoill,
Breandán Mac Suibhne agus Pádraig Mac Gairbheith.
Tugann an leabhar seo léargas ar stádás agus
ar spiorad na gceantar Gaeltachta sa lá atá inniu
ann. Is mar shraith de léachtanna ar Raidió na Gaeltachta
a céad craoladh na haistí sa leabhar seo.
Is iad Gearóid
Ó Tuathaigh, Lillis Ó Laoire agus Seán Ua Súilleabháin
a bhí ina eagarthóirí ar an leabhar seo agus
is é Tomás Mac Con Iomaire, ceannasaí Raidio
na Gaeltachta a bhí ag obair ar an sraith raidió.
Labhair Lillis Ó Laoire, Tomás Mac Con Iomaire agus
Alan Titley ó Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann,
Maigh Nuad ar Chúinne na nEalaíon faoin fhoilseacháin
seo.

back
to leirmheas
back
to Arts homepage
|