TAIGHDE AGUS TEAGASC
Éist le Fionntán de Brún agus Seán Mac Corraidh
ag caint ar an chéad eagrán ariamh de TAIGHDE AGUS TEAGASC,
atá eisithe ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire, ar Bhóthar
na bhFál i mBéal Feirste. Coláiste de chuid Ollscoil
na Banríona i mBéal Feirste atá ann.
Tá an imleabhar seo roinnte ina dhá chuid, leis an chéad
chuid ag cur béime ar Léann na Gaeilge agus leis an darna
chuid ag cur béime ar an Ghaelscolaíocht agus Oideachas.
Ina measc tá altanna ag Fionntán de Brún ar An Caighdeán,
an Chumhacht agus an Scríbhneoir Cruthaitheach agus ag Seán
Mac Corraidh ar An Ghaelscolaíocht in Oiliúint Tosaigh Múinteoirí
do chéim Bhaitsiléir an Oideachais.
Tugann an bheirt acu léargais dúinn ar an dá aiste
sin atá sa bhailiúchán seo TAIGHDE AGUS TEAGASC,
ag míniú fosta go bhfuil cúpla aiste ag macléinn
nó dhó ann fosta.

back
to leabhar
back
to Arts homepage
|