Litríocht do Dhaoine
óga
Is as Baile Átha Cliath do Ré Ó Laighléis,
ach tá conaí anois air i gCo. an Chláir, áit
a scríobhann sé go lán-aimseartha.
Is iomaí duais atá bainte amach aige dá scríobhneoireacht
do dhaoine óga - ina measc, duaiseanna an Oireachtais, Leabhar
na Bliana de chuid Bisto (faoi dhó!), agus fuair sé ainmniúchán
do dhuais liteartha an Irish Times. Scríobhann Ré do dhaoine
fásta chomh maith.
Photo above copyright Angela Campbell
Is as Bealach an Doirín i gCo. Ros Comáin do Sheosamh Mac
Gabhann atá ina uachtarán ar an Chumann Scoildrámaíochta.
Is múinteoir é Seosamh a bhfuil an t-uafás oibre
déanta aige i bhforbairt an cheoil agus na drámaíochta
ina cheantar féin.
Tá roinnt drámaí scríofa aige do dhaoine óga
agus tá dráma amháin leis - Oileán na bhFaoileán
- ar an chúrsa Gaeilge don Teastas Sóisearach.

back
to leabhar
back
to Arts homepage
|