Leabhar Mór
na Gaeilge
Is bailiúchán cuimsitheach é seo de fhilíocht
na Gaeilge agus de fhilíocht na Gàidhlig. Roghnaíodh
filí comhaimseartha ón Albain agus ó Éirinn
le páirt a ghlacadh sa togra seo. Bhí ar na filí
dhá dhán dá gcuid féin a roghnú
agus dhá phíosa eile ó aon ghné nó
aon aois den litríocht.
Faoi láthair táthar ag déanamh cinneadh maidir
leis na dántá agus píosa litríochta
a bhéas san áireamh sa leabhar agus i ndiaidh sin,
casfaidh na filí le healaíontóirí
chun teacht suas le pictúir a luífidh isteach le
stíl an leabhair.
Is togra eipiciúil atá anseo le comparáid
á dhéanamh idir é agus Leabhar Ceanannais.
to the project organisers
Labhair Theo Dorgan, duine de heagarthóirí na
hÉireann, Donald Smyth, bainisteoir togra agus Malcolm
Mc Lean, stiúirthóir Phroiseacht na nEalan ar BLAS
nuair a seoladh an togra in Éirinn.
Listen to some of the poets
who are taking part
Labhair cuid de na filí ata ag glacadh páirte
sa togra linn fosta agus phléigh siad na dánta a
roghnaíodar. Anne Freater agus Anghus Dubh Mac Neacail
ón Albain agus Gabriel Rosenstock agus Gearóid Mac
Lochlainn ó Éirinn a bhí linn i gCúinne
na nEalaíon.
Listen to some of the artists
who are taking part
Labhair Tadhg Mac Suibhne, Aisling OBeirne agus Ian Joyce, cuid
de na healaíontóirí atá ag glacadh páirte
i Leabhar Mór na Gaeilge linn ar BLAS tar éis an chéad
cruinniú a bhí acu le chéile i mBéal Feirste.
back
to leabhar
back
to Arts homepage
|