|
Is éard atá i Rogha an Chéid ná ceiliúradh de thrí ghné de litríocht
na Gaeilge le céad bliain anuas óna foilsitheoirí Cló Iar-Chonnachta.
Trí leabhar atá i gceist anseo - Gearrdhrámaí an Chéid, Duanaire an Chéid
agus Gearrscéalta an Chéid.
Is é Pádraig Ó Siadhail, comhollamh sa
Léinn Éireannach i gColáiste Mhuire, Nova Scotia a chuir a rogha de Ghearrdhrámaí
an Chéid in eagar.
Tugann Pádraig cothromaíocht chuí don trí ré ó thaobh stair dhrámaíocht
na Gaeilge de: an Chéad Athbheochan faoi mhórchoimirce Chonradh na Gaeilge;
an Dara hAthbheochan le glúin
úr scríobhneoirí agus an Tríú hAthbheochan - drámaí le scíbhneoirí comhaimseartha.
Dhá dhráma dhéag atá sa chnuasach seo ó chuid de na scríbhneoirí seo a
leanas: Dubhghlas de hÍde, Cathal Ó Searcaigh, Biddy Jenkinson, Pádraig
Ó Conaire.
Chuir an Dr. Gearóid Denvir eagar ar
Duanaire an Chéid. Is léachtóir i Scoil na Gaeilge in Ollscoil
na hÉireann, Gaillimh é Gearóid. Shocraigh sé dánta abhí agus atá mar
ráitis shuntasacha chruthaitheacha iontu féin a roghnú in áit saothar
filí áirithe. Rinne sé cinneadh gan níos mó na cúig dán le haon fhile
amháin a roghnú sa bhailiúchán seo de chéad dán. Sampla de chuid de na
húdair ná: Colm Breathnach, Celia de Fréine, Michael Davitt, Máire Mhac
an tSaoi agus Máire Áine Nic Gearailt.
Aisling Ní Dhonnchadha Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Ma
Nuad
| 
Dr. Gearóid Denvir
|
Is é Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnchadha a roghnaigh na scéalta
do Ghearrscéalta an Chéid. Tá Aisling ag obair mar léachtóir i
nGaeilge in Ollscoil na hÉireann, Mhaigh Nuad. Clúdaíonn na scéalta sa
chnuasach seo an tréimhse ó aimir na hAthbheochana liteartha i dtús an
chéid anuas go dtí scéalta ó scríbhneoirí an lae inniu. Ina measc siúd
tá scéalta ó Phádraig Mac Piarais, Shéamas Ó Grianna, Mhicheál Ó Conghaile,
Alan Titley agus Angela Bourke.
back
to leabhar
back
to Arts homepage
|