Aistriúicháin/Translations
Tá sean-thaithí ag an Dr.
Art Hughes ar chúrsaí aistriúcháin, d'aistrigh sé Nuair a bhí mé óg
le Séamas Ó Grianna ó Ghaeilge go Béarla, tá an-obair déanta aige ar logainmneacha
Thuaisceart Éireann agus le déanaí tá aistriúcháin déanta aige ar fhilíocht
Chathal Uí Shearcaigh agus ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill - ó Ghaeilge
go Briotánais.
Is aistritheoir gairmiúil é Antain Mac Lochlainn. Chaith
sé seal ag obair do Sheirbhís Aistriúcháin Bhord na Gaeilge agus bhí sé
ag obair tréimhse mar chomhairleoir scripte i Rannóg na gClár Gaeilge
in RTÉ fosta. Tá a chomhlacht féin aige anois - Fónamh, agus d'fhoilsigh
sé Cuir Gaeilge Air - Comhairle agus Cleachtadh san Aistriúchán ó Bhéarla
go Gaeilge sa bhliain 2000. Antain Mac Lochlainn

back
to leabhar
back
to Arts homepage
|