"Fiacha
Fola" is teideal don darna cnuascach filíochta ó
pheann an fhile Celia de Fréine agus bronnadh Gradam Litríochta
Cló Iar-Chonnachta 2004 ar an chnuasach seo.
De bhunadh an Dúin í Celia atá anois ag cur
fuithi i mBaile Átha Cliath agus i gConamara.
Pléann an cnuasach seo le scannal agus conspóid mhór
a tharla ó dheas tamall de bhlianta ó shin agus a
bhfuil tionchar á imirt go fóill aige ar go leor leor
daoine ar an iomaí dóigh, is é sin scannal
an Heipitítis C. Insíonn Celia cúlra an scéil
do Lynette Fay agus léann sí ceann de na dánta,
"Cailís Mo Chuid Fola"

|