Cathal
Ó Searcaigh
Seal i Neipeal
Fuair Cathal Ó Searcaigh a chéad bhlaiseadh de
Neipeal le linn dó a bheith ag déanamh clár
taistil fá choinne TG4. Chuaigh cultúr na tíre
agus bunadh na príomhcathrach, Neipeal go mór i
bhfeidhm air agus pilleann sé anois go rialta.
Labhraíonn sé le Lynette Fay faoin ghrá sin atá
aige don áit agus an dóigh a ndeachaigh an tír agus
a muintir go mór i gcionn air féin go pearsanta agus ar
a chuid filíochta. Cuireann sé síos ar áilleacht
na Himiléithe, agus cuimhníonn sé ar threiceanna
éagsúla a rinne sé i dteannta Ang Wong Chuu, Sherpa
agus Pemba Thamang. Tá na scéalta spreagúla seo uilig
le fáil i gcéad shaothair próis an tSearcach.

Cuireann Cathal síos ar a chéad bhlaiseadh de
Neipeal

Glacann Cathal eileacht dhiamhair Neipeal go fonnmhar chuige,
insíonn sé cé chomh sásta is a bhíonn
sé i bhfad ó chaoráin Thír Chonaill.

Labhrann Cathal faoin éifeacht atá ag Neipeal ar
a shaol agus a chuid filíochta
Tá Seal in Neipeal le Cathal Ó Searcaigh foilsithe
ag Cló Iar Chonnachta. Tuilleadh eolais Cló
Iar-Chonnachta
The BBC is not responsible for the content of external
websites.
back
to filiocht
back
to Arts homepage
|