Robbie Hannan fondly remembers
Seán McGuire.
Rugadh
Seán McGuire i mBéal Feirste ar 26 Mí na Nollag 1927
agus bhí sé ar an cheoltóir tradisiúnta is
cáilúla de chuid na cathrach sin. Dhá bhliain déag
d’aois a bhí sé nuair a thosaigh sé a fhoghlaim
na fidléireachta agus rinne sé a chéad chraoladh
don BBC agus é cúig bliana déag d’aois. Sa
bhliain 1949 bhain sé an bonn óir ag comórtas fidléireachta
an Oireachtais.
Ní thiocfadh le daoine a chreidbheáil a chuimsithí
is a bhí máistreacht s’aige ar chúrsaí
teicníochta agus, in ainneoin a chraobhlascraí is a bhí
a chuid ceoil, ceoltóir traidisiúnta den scoith a bhí
ann a raibh tuigbheáil ar dóigh ar a cheird aige. Ba mhillteanach
an tionchar a bhí ag a chuid ceirníní ar chúrsaí
fidléireachta sa tír seo agus thar lear agus tá cuid
de na rianta atá le cluinstin ar an cheirnín a rinne sé
leis an Four Star Quartet, cuir i gcás, ar fheabhas Éireann.
Ar na ceoltóirí iomráiteacha eile ar ghnáth
leis bheith ag seinm leofa bhí an boscadóir Joe Burke agus
an fliúiteadóir Roger Sherlock.
Is cinnte go n-áireofar Seán McGuire ar cheoltóirí
móra na haoise seo caite agus ábhar mór inspioráide
a bheas ina chuid taifeadtaí go gceann i bhfad eile.
back
to ceol
back
to arts homepage
|