James Graham & Anne Martin
Labhraíonn
Brian Mullen s'againn féin, láithreoir "Caschlár"
ar BBC Raidió Uladh, le Karen faoina phaisean don amhránaíocht
agus conas mar a roghnaíonn sé na hamhráin a cheolann
sé. Canann Brian amhrán dátheangach dúinn:
"Tá Mo Chleamhnas Déanta."

Tá Anne Martin, ón Oileán Sciathánach, thar
a bheith eolach ar thradisiún amhránaíochta na Gaidhlige.
Insíonn sí do Karen cad as a d'eascair a ionspraid agus
cad é mar a chuireann achan duine a bhlas féin ar an amhrán,
rud a chabhraíonn leis an chultúr a choimeád beo.
Tugann Anne 'blas' dúinn dá "Puirt a Beul."
Bhain James Graham ó Loch an Inbhir Ceoltóir Traidisiúnta
Óg na bliana i 2005. B'eisean an chéad amhránaí
trí mheán na Gaidhlige a bhuaigh an duais agus an chéad
fear a bhuaigh é fosta. Is é an turas seo go Béal
Feirste an chéad turas thar lear do James. Ceolann sé amhrán
tragóideach dúinn.

back
to ceol
back
to arts homepage
|